Write to your TD pressuring them to advocate for a ceasefire in Palestine
[Gaeilge/Irish] (Béarla/English)
[D'Ainm Iomlán (your full name)]
[D'Sheoladh (Your address)]
[Dáta an Lae Inniu (today's date)]
[Ainm Iomlán an TD (TD's full name)], T.D.,
Dáil Éireann
Teach Laighean
Baile Átha Cliath 2
A [Céad Ainm an TD (TD's first name)], a chara,
Tá súil agam go bhfuil tú go maith. Mar shaoránach atá an-imníoch faoin mhéid atá ag titim amach sa Mheánoirthear faoi láthair, ba mhaith liom mo chuid imní a léiriú faoi cheist atá fíorthábhachtach go domhanda agus go morálta: cuir i bhfeidhm Choinbhinsiúin na Ginéive.
Tá sé soiléir go bhfuil Iosrael ag sárú Airteagail 54 de Choinbhinsiúin na Ginéive, go háirithe maidir le cosaint an phobail shibhialta i nGaza.
Ba chóir d'Éirinn - tír a bhfuil traidisiún láidir aici maidir le cosaint chearta an duine agus an dlí idirnáisiúnta - seasamh láidir a thógáil ar an cheist seo agus a chinntiú go gcloíonn gach náisiún le coinbhinsiúin na Ginéive agus le conarthaí idirnáisiúnta.
Iarraim go measúil ort:
• Ceist ar sháruithe ar chearta daonna agus ar dhlíthe idirnáisiúnta a ardú i nDáil Éireann, le béim ar fhreagracht Éireann chun seasamh le agus cosaint a thabhairt do phrionsabail Choinbhinsiúin na Ginéive.
• Comhoibriú le heagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe leis na Náisiúin Aontaithe, chun fhiosrúcháin chuimsitheacha a dhéanamh ar líomhaintí maidir le sáruithe atá déanta ag Iosrael ar an dlí idirnáisiúnta.
• Tacú le hiarrachtaí taidhleoireachta chun a chinntiú go gcloíonn gach páirtí sa choimhlint Iosraelach-Palaistíneach le Coinbhinsiúin na Ginéive.
Creidim go bhféadfadh le hÉirinn ról lárnach a imirt i gcur chun cinn na síochána agus seasamh leis an dlí idirnáisiúnta. Iarraim ort do ghlór mar ionadaí tofa a úsáid trí seasamh leis na luachanna uilíocha seo agus iad a chosaint.
Tá mé buíoch as an mhéid atá déanta agat go dtí seo le haird a tharraingt ar an t-éagóir atá a déanamh ar mhuintir na Pailistine.
Le meas,
[D'Ainm Iomlán (Your Full name)]


























