Banana bread, selfies and social distancing:
the first major English-Irish dictionary in over 60 years published
Foras na Gaeilge‘s Concise English-Irish Dictionary published
In an online event at 1pm today Friday, on Foras na Gaeilge’s Facebook Page, President Michael D. Higgins will officially launch the Concise English-Irish Dictionary.
Joining us will be personalities and household names such as, Dara Ó Briain, Micheál Ó Muircheartaigh, Mary McAleese and many more as they share their experiences with, and grá for our national language.
The new dictionary contains 1,800 pages, over 30,000 entries, 85,000 word senses and 1.8 million words in contemporary English and Irish. Produced by Foras na Gaeilge, the dictionary is the first major English-Irish Dictionary to be published in over sixty years (since Tomás de Bhaldraithe’s seminal English-Irish Dictionary in 1959).
The entries are derived from the hugely popular New English-Irish Dictionary website, www.focloir.ie, which attracts over two million visitors a year.
The aim of the dictionary project is to produce a comprehensive modern dictionary which would represents
current usage not only in Irish but also in English as it is spoken in Ireland;
the main dialects of contemporary Irish;
a broad range of language from the most technical to the most informal.
Chief Editor Pádraig Ó Mianáin said of the new dictionary:
“The New English-Irish Dictionary brings Irish-language lexicography into the third millennium with its emphasis on currency in both Irish and English and its coverage of all levels of language use, from formal to informal and from written to spoken. The New English-Irish Dictionary has been online since 2013 and now attracts over 2 million users worldwide annually, with over a quarter of them from overseas.
“When the online version was completed, production of a printed version began. In order to produce a one-volume dictionary, over a third of the content in the online dictionary (which contains 48k entries and 145k word senses) had to be left out and the remaining content had to undergo significant editing and reformatting. We are delighted that the dictionary is now available, and to have this opportunity to launch it with the President today.”
Interesting Entries and Translations
To celebrate this milestone, Foras na Gaeilge are highlighting some of the newer and more interesting entries and translations, including some that have recently come to prominence during the coronavirus pandemic:
home office – oifig bhaile
he’s a savage player – is imreoir den scoth é
banana bread – arán banana
social distancing – scaradh sóisialta
coronavirus – coróinvíreas
cyberbullying – cibearbhulaíocht
online banking – baincéireacht ar líne
the latest political wrangle – an t-aighneas polaitiúil is déanaí
to make a hames of something – praiseach a dhéanamh de rud
it’s at your own risk – ar do phriacal féin atá sé
it was nothing to write home about – bhí sé cuibheasach gan a bheith maíteach
I wouldn’t hold it against her – ní bheinn anuas uirthi mar gheall air
to make a laughing stock of somebody – ceap magaidh a dhéanamh de dhuine
to rest on your laurels – do mhaidí a ligean le sruth
The printed dictionary also contains a substantial Language and Grammar section with essays and tables covering topics such as style, translation and grammar information.
It is available in bookshops and online now with an RRP of €30/£25.
Contact: For additional information, interviews and imagery please contact:
Cormac Breathnach, Foras na Gaeilge,
Loretta Ní Ghabháin Lorg Media, Baile Nua, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
Banana bread, selfies and social distancing:
the first major English-Irish dictionary in over 60 years published
Concise English-Irish Dictionary Fhoras na Gaeilge foilsithe
In ócáid ar líne inniu, Dé hAoine, ar leathanach Facebook Fhoras na Gaeilge, seolfaidh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn an Concise English-Irish Dictionary go hoifigiúil.
In éineacht linn ag an ócáid beidh daoine mór le rá amhail Dara Ó Briain, Micheál Ó Muircheartaigh, Mary McAleese agus go leor eile. Roinnfidh siad linn a gcuid taithí leis an nGaeilge agus an dáimh atá acu leis an teanga náisiúnta.
San fhoclóir nua tá 1,800 leathanach, breis is 30,000 iontráil, 85,000 aonad céille agus 1.8 milliún focal i mBéarla agus i nGaeilge na linne seo. Foras na Gaeilge a d’fhoilsigh an foclóir, an chéad cheann Béarla-Gaeilge dá leithéid a foilsíodh le breis is seasca bliain anuas (ó foilsíodh English-Irish Dictionary Thomáis de Bhaldraithe in 1959).
Bunaíodh na hiontrálacha ar an ábhar atá ar shuíomh mór-ráchairte an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge, www.focloir.ie, a mbíonn breis is dhá mhilliún duine in aghaidh na bliana á úsáid.
Sprioc an tionscadail ná foclóir cuimsitheach nua-aimseartha a tháirgeadh ina mbeadh:
cumhdach cuimsitheach ar Ghaeilge agus ar Bhéarla na linne seo mar a labhraítear in Éirinn iad;
cumhdach cothrom ar phríomhchanúintí na Gaeilge;
réimse leathan teanga ón gcuid is teicniúla go dtí an réim is neamhfhoirmeálta.
Arsa Príomheagarthóir an Fhoclóra, Pádraig Ó Mianáin:
“Tugtar tús áite don teanga bheo, sa Bhéarla agus sa Ghaeilge, san Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge, rud a thugann foclóireacht na Gaeilge isteach sa tríú mílaois. Clúdaítear gach uile leibhéal d’úsáid na teanga, ón réim fhoirmeálta go dtí an chuid is neamhfhoirmeálta, ón fhocal scríofa go dtí an focal labhartha. Tá an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge ar líne ó 2013 agus tá breis is dhá mhilliún duine ag tarraingt ar an suíomh gach bliain as gach cearn den domhan.
“Nuair a cuireadh críoch leis an leagan ar líne, cuireadh tús le táirgeadh an leagain chlóite. Chun foclóir aon imleabhair a tháirgeadh, ba ghá níos mó ná aon trian den fhoclóir ar líne (ina bhfuil 48k iontráil agus 145k aonad céille) a fhágáil ar lár, agus ba ghá eagarthóireacht agus athfhormáidiú suntasach a dhéanamh ar an chuid eile. Is mór an sásamh dúinn an foclóir a bheith foilsithe agus an deis seo a bheith againn é a sheoladh in éineacht leis an Uachtarán inniu.”
Iontrálacha agus Aistriúcháin Spéisiúla
Seo thíos roinnt iontrálacha suimiúla atá san fhoclóir nua, cuid acu atá tagtha i dtreis le linn phaindéim an choróinvíris:
home office – oifig bhaile
he’s a savage player – is imreoir den scoth é
banana bread – arán banana
social distancing – scaradh sóisialta
coronavirus – coróinvíreas
cyberbullying – cibearbhulaíocht
online banking – baincéireacht ar líne
the latest political wrangle – an t-aighneas polaitiúil is déanaí
to make a hames of something – praiseach a dhéanamh de rud
it’s at your own risk – ar do phriacal féin atá sé
it was nothing to write home about – bhí sé cuibheasach gan a bheith maíteach
I wouldn’t hold it against her – ní bheinn anuas uirthi mar gheall air
to make a laughing stock of somebody – ceap magaidh a dhéanamh de dhuine
to rest on your laurels – do mhaidí a ligean le sruth
Tá forlíonadh mór teanga agus gramadaí san fhoclóir chomh maith, áit a bhfuil aistí agus táblaí a chlúdaíonn cúrsaí stíle, aistriúcháin agus gramadaí.
Tá sé ar díol i siopaí leabhar agus ar líne anois. An PMM atá air ná €30/£25.
Teagmháil: chun agallaimh a eagrú nó chun tuilleadh íomhánna a fháil, déan teagmháil le
Contact: For additional information, interviews and imagery please contact: Cormac Breathnach, Foras na Gaeilge, Fón: 086 194 5633 Ríomhphost: [email protected]
Loretta Ní Ghabháin Lorg Media, Baile Nua, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe